National Forum

HS as Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


Replying To festinog:  "Miss freisin a chara. Agus táim an-sásta ar fad leis an bua shíos í Trá Lí. Tá na peiledoirí ár an slí cearrt faoi dheireadh, is ceapaim anois go mbeidh an cluiche in aghaidh Áth Cliaith an-suimúil.

Gaillimh go deo!"
Festinog

An gceapann tú go bhfuil baol ann go bhfuil Gaillimh théis "peaking" ró luath i mbliana sa bhealach céanna a tharla do Ros Comáin cúpla bhliain ó shin i Roinn 1? Bhíodar ar fheabhas sa Sratih ach thit an tóin as sa Chraobh.

Nó an bhfuil tú sásta go mbeidis réidh don Samhradh?

Cad é an sprioc dóibh i mbliana meas tú? Craobh Connachta agus áit sa "Super 8"?

MesAmis (Dublin) - Posts: 13704 - 26/02/2018 08:32:30    2080324

Link

Replying To MesAmis:  "Festinog

An gceapann tú go bhfuil baol ann go bhfuil Gaillimh théis "peaking" ró luath i mbliana sa bhealach céanna a tharla do Ros Comáin cúpla bhliain ó shin i Roinn 1? Bhíodar ar fheabhas sa Sratih ach thit an tóin as sa Chraobh.

Nó an bhfuil tú sásta go mbeidis réidh don Samhradh?

Cad é an sprioc dóibh i mbliana meas tú? Craobh Connachta agus áit sa "Super 8"?"
Ceisteanna iontacha iad go léir, agus í ndáirire níl fhios'áim. Tá imní orm go bhfuil an iomarca tábhacht chuir ár na buaigh go dtí seo. Tá sé solair go raibh muid réidh le haghaidh an sraithe I mbealach nach raibh foirne eile (Maigh Eo mar shampla). Caithfidh muid fan a fheiceáil sa samhraidh, nuair atá na comtaetha eile "firing on all cylinders" an bhfuil muid comh mhaith is a ceaipeann muid ag an ám seo.

Ár sprioc? Tar sis an cluiche SIN in aghaidh Ros Comáin an samhraidh seo chaite, craobh connachta cinnte, agus tar eis sin, na Ocht Iontacha. Beidh samhraidh suimiúil again, cinnte!

Is tú fhéin: ceapann tú go mbeach Áth Cliaith in ann Sam a bua arís?

festinog (Galway) - Posts: 3097 - 26/02/2018 14:29:13    2080526

Link

Replying To festinog:  "Ceisteanna iontacha iad go léir, agus í ndáirire níl fhios'áim. Tá imní orm go bhfuil an iomarca tábhacht chuir ár na buaigh go dtí seo. Tá sé solair go raibh muid réidh le haghaidh an sraithe I mbealach nach raibh foirne eile (Maigh Eo mar shampla). Caithfidh muid fan a fheiceáil sa samhraidh, nuair atá na comtaetha eile "firing on all cylinders" an bhfuil muid comh mhaith is a ceaipeann muid ag an ám seo.

Ár sprioc? Tar sis an cluiche SIN in aghaidh Ros Comáin an samhraidh seo chaite, craobh connachta cinnte, agus tar eis sin, na Ocht Iontacha. Beidh samhraidh suimiúil again, cinnte!

Is tú fhéin: ceapann tú go mbeach Áth Cliaith in ann Sam a bua arís?"
Is dócha go bhfeicimid sa samhradh leo. D'fhág sibh craobh Connachta taobh thiar daoibh an bhliain seo caite measaim. Tuigim go raibh Ros Comáin go maith ar an lá ach i ndiaidh daoibh Maigh Eo a bhuaileadh ba chóir gur chríochnaigh sibh an jab sa cluiche ceannais. Go háirithe nuair a fheicimid an dul chun cinn atá déanta ag Gaillimh anois i Roinn 1.

Maidir le Áth Cliath. Beidh siad san iomaíocht mí Lúnasa gan amhras. Sílim tá sé cinéal suas do cé chomh maith atá na foirne eile, ar nós Maigh Eo is Ciarraí. Más féidir do Mhaigh Eo nó Chiarraí a imirt a fheabhsú beagainín tá gach seans acu Áth Cliath a bhuaileadh. Beidh an bua ag Áth Cliath muna feabhsaíonn éinne eile dar liom.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13704 - 26/02/2018 14:59:38    2080551

Link

Beidh a lán cluicheanna ar TG4 ar Dé Domhnaigh 11u Márta.

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 08/03/2018 15:42:47    2082737

Link

Replying To galwayford:  "Beidh a lán cluicheanna ar TG4 ar Dé Domhnaigh 11u Márta."
Ar fheabhas, cad iad na cluichí?

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 09/03/2018 18:04:22    2082996

Link

cluichí nó cluicheanna?

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 10/03/2018 15:47:44    2083182

Link

Cluichí, 100%. http://www.teanglann.ie/ga/gram/Cluichehttp://www.teanglann.ie/en/gram/Cluiche.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 11/03/2018 01:11:47    2083279

Link

ba mhaith liom comhgardeas a dhéanamh go dtí TG4 spoirt!

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 11/03/2018 17:39:23    2083440

Link

Aye, leaids iontacha iad. Ciceann siad RTÉ síos an tsráid lena gcraoladh spóirt Gaelaigh. Cluichí ón sraitheanna náisiúnta, ón craoibheacha club, faoi 21, et cetera.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 12/03/2018 16:58:01    2084019

Link

Níl aon CLG nó Gaeilge are TV3.

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 13/03/2018 13:11:35    2084261

Link

Beimis an-bhuíoch ar fad do TG4 agus a gcuid craoladh na gcluichí gaelacha. Gan iad, beimis ag brath ar na 'rugbaí goys' i mbun RTÉ, agus feicfaí i bhfad níos lú peile agus iománaíocht ar an teilifís.

Cuirtear iontas orm i gconaí conas a bhaineann le TG4 feidhm a gcuid achmhainnaí beaga chun cultúr na tíre seo a chur chun chinn, gan trácht ar a gcuid cláracha den chéad scoth.

Dála an scéil, an bhfuil deachreachtaí ag éinne anseo teangacha a scarúint uaireanta? Tosaím ag labhairt Gaeilge ó am go ham le mo chairde, ach idir Fraincís, Gearmánais, Spáinnis agus Béarla, bíonn sé doiligh abairt a chríochnú gan focal as teanga eile ag teacht insteach!

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 14/03/2018 10:38:05    2084463

Link

Replying To Gleebo:  "Beimis an-bhuíoch ar fad do TG4 agus a gcuid craoladh na gcluichí gaelacha. Gan iad, beimis ag brath ar na 'rugbaí goys' i mbun RTÉ, agus feicfaí i bhfad níos lú peile agus iománaíocht ar an teilifís.

Cuirtear iontas orm i gconaí conas a bhaineann le TG4 feidhm a gcuid achmhainnaí beaga chun cultúr na tíre seo a chur chun chinn, gan trácht ar a gcuid cláracha den chéad scoth.

Dála an scéil, an bhfuil deachreachtaí ag éinne anseo teangacha a scarúint uaireanta? Tosaím ag labhairt Gaeilge ó am go ham le mo chairde, ach idir Fraincís, Gearmánais, Spáinnis agus Béarla, bíonn sé doiligh abairt a chríochnú gan focal as teanga eile ag teacht insteach!"
Níl a lán Gaeilge ar an radio fresin. Níl a lán GAA ann gan dabht.

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 14/03/2018 12:17:20    2084499

Link

Replying To galwayford:  "Níl a lán Gaeilge ar an radio fresin. Níl a lán GAA ann gan dabht."
Radió na Gaeltachta? Cloisim píosanna beaga ("Creid é nó ná Creid é") ar Today FM chomh maith. Is feidir le duine Radió na Life i gCúige Laighin fresin.

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 14/03/2018 14:21:19    2084548

Link

Ba mhait liom comhgardeas a dhéanamh go dtí Contae Loch Garman agus Contae na Gaillimh. Cluiche an mhaith ann inniú

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 24/03/2018 18:08:07    2087473

Link

Maithú a chara. Táim í mo conaí s'na Stáit Aonthaithe. Mar sin tá sé deacair dom Béarla a labhairt, ná bac Gaeilge!

festinog (Galway) - Posts: 3097 - 24/03/2018 23:55:20    2087592

Link

An feabhas i gcursai peil gaelach agus iomaint I gcontae Ceatharlach - is annamh is iontach ! Contae an beag ar fad ach ta said ag dul suas on roinn 2a go 1b agus 4 go 3 San strath.

Bainisteoir (National) - Posts: 540 - 25/03/2018 09:07:17    2087606

Link

Replying To Bainisteoir:  "An feabhas i gcursai peil gaelach agus iomaint I gcontae Ceatharlach - is annamh is iontach ! Contae an beag ar fad ach ta said ag dul suas on roinn 2a go 1b agus 4 go 3 San strath."
Tá siad ag déanamh an-obair thíos ann cinnte. Do chontae chomh beag, tógann sé an-iarracht an péire a choinneáil ag imeacht.
Níl a gcuid comharsainn béal dorais ag déanamh aon iarracht peil a fhorbairt, théis go bhfuil piocadh i bhfad níos mó acu.

WanPintWin (Galway) - Posts: 2033 - 25/03/2018 09:53:44    2087617

Link

Replying To WanPintWin:  "Tá siad ag déanamh an-obair thíos ann cinnte. Do chontae chomh beag, tógann sé an-iarracht an péire a choinneáil ag imeacht.
Níl a gcuid comharsainn béal dorais ag déanamh aon iarracht peil a fhorbairt, théis go bhfuil piocadh i bhfad níos mó acu."
Ó Arm Heffo go dtí an lá atá inniu - An 15 a Thosóinn.

https://nadubsabu.com/2018/03/31/o-heffo-go-gavin-an-15-a-thosoinn/

[url=]linkhttps://nadubsabu.com/2018/03/31/o-heffo-go-gavin-an-15-a-thosoinn/[url=]link

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 03/04/2018 10:29:49    2090563

Link

An bhfuil díomá ar aon Dub eile maidir leis an diúltachas atá amuigh ansin nuair a bhuann na Dubs? Níl aon cheist faoi ach go bhféadfaí cárta dubh a bhronnadh ar Jonny Cooper go luath sa gcluiche Dé Domhnaigh seo caite ach bhí sé soiléir go raibh sé socraithe ag an réiteoir roimh an gcluiche go raibh sé chun na cártaí dubha a choinneáil ina phóca. D'fhéadfadh duine nó beirt as Gaillimh cártaí dubha a fháil freisin níos faide anonn sa gcluiche.

Is iad Gaillimh an cúigiú contae is mó in Éirinn ó thaobh daonra de. Ní chloisim an 27 contae eile ag tabhairt amach faoi dhaonra na Gaillimhe agus na buntáistí a ghabhann le daonra chomh mór sin (ps is é Aontroim an dara contae is mó daonra agus ní bhíonn aoinne ag rá tada fúthu sin!!!!). Caithfidh mé a rá gur chuir an diúltachas faoi Bhaile Átha Cliath théis an chluiche isteach go mór orm - cé go bhfuil mé théis bogadh ar aghaidh uaidh ó shin agus mé dírithe ar na dúshláin éagsúla a bhaineann le Craobh Laighean anois.

Maidir le foireann iontach na Gaillimhe tá an-mheas orm orthu. Tá siad sciliúil agus tá siad an-fhisiciúil. Tá siad cosantach nuair nach bhfuil an liathróid acu ach briseann siad amach go sciopthaí agus tógann siad seansanna nuair atá an liathróid ina seilbh acu. Tá mé an-sásta go bhfuil siad ar ais san iomaíoch arís. Má éiríonn leo gabháil go dtí an chéad leibhéal eile d'fhéadfadh le Maigh Eo a bheith i dtrioblóid mhór arís. Mar sin fein, ní raibh aon phlean acu nuair a cuireadh Scully den pháirc Dé Domhnaigh. Ba cheart dóibh na Dubs a chur faoi bhrú uafásach. Caithfidh siad foghlaim uaidh sin.

Na Dubs abú. Cuiridh na sraithe don 13ú huair.

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 04/04/2018 12:43:49    2090993

Link

Tá sé iontach go bhfuil an mhí seo saor do na clubanna. Tá imreoirí de chuid mo chlub féin sásta go bhfuil cinnteacht ann an mhí seo maidir leis an dá chluiche craoibhe atá le himirt acu. Tá go leor ball de chuid Chumann Lúthchleas Gael den tuairim gur cheart go mbeadh níos mó ama acu agus nach leor an mhí. Tá go leor den tuairim, freisin, go bhfuil an bhliain idirchontae rófhada freisin. Cén fáth, mar sin, nach ritheann baill de chuid CLG, fud fad na hÉireann, rúin ag cruinnithe de chuid a gclubanna ag lorg 6 seachtaine an bhliain seo chugainn in áit an cheithre seachtaine atá ann i mbliana do na cluichí craoibhe.

Ghiorródh sé sin an bhliain idirchontae agus thabharfadh sé cinnteacht 6 seachtaine do na clubanna. Céim eile sa treo ceart? Céard a cheapann sibh?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 05/04/2018 10:37:31    2091194

Link