National Forum

HS as Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post

Bhí roinnt daoine ag iarradh go mbeadh Snáth trí Ghaeilge ar Hoganstand. Déanfaimid iarracht leis an snáth seo ar aon nós. Tá an snáth seo ann ionas go bhfuil daoine in ann a chuid Ghaeilge féin a chleachtadh.

Ní snáth é chun díospóireacht a bheith ann faoin nGaeilge i nginéaralta. This is not a thread for the tedious debate about the merits of the Irish language.

Rialacha:

1. Cosc ar Naisithe Gramadach - No Grammar Nazis! People will have differing levels of Irish and will make mistakes.

2. Is féidir meascán idir Ghaeilge agus Bhéarla a úsáid - mix of Irish and English can be used to get points across!

Níl fhios agam an mairfidh an snáth seo. Feicfimid an bhfuil suim ag daoine ar aon nós!

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 11:51:16    1926888

Link

Replying To MesAmis:  "Bhí roinnt daoine ag iarradh go mbeadh Snáth trí Ghaeilge ar Hoganstand. Déanfaimid iarracht leis an snáth seo ar aon nós. Tá an snáth seo ann ionas go bhfuil daoine in ann a chuid Ghaeilge féin a chleachtadh.

Ní snáth é chun díospóireacht a bheith ann faoin nGaeilge i nginéaralta. This is not a thread for the tedious debate about the merits of the Irish language.

Rialacha:

1. Cosc ar Naisithe Gramadach - No Grammar Nazis! People will have differing levels of Irish and will make mistakes.

2. Is féidir meascán idir Ghaeilge agus Bhéarla a úsáid - mix of Irish and English can be used to get points across!

Níl fhios agam an mairfidh an snáth seo. Feicfimid an bhfuil suim ag daoine ar aon nós!"
Come again??

Brolly (Monaghan) - Posts: 4472 - 17/10/2016 12:17:24    1926902

An bhfaca duine ar bith an rira ag an deireadh don ceannas na Gailimh inne? Nach raibh St Thomas í dtroblaid cupla bhlian ó shin mar gheall rud eigin simmiluar cupla bhliain o shin sa ceannais na gcontae?

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 17/10/2016 12:45:47    1926912

Link

Come again??

Brolly (Monaghan) - Posts:4303 - 17/10/2016

Tar arís.

if_in_doubt (Kildare) - Posts: 3685 - 17/10/2016 12:56:16    1926915

Link

Cád?

jimbodub (Dublin) - Posts: 20600 - 17/10/2016 13:18:46    1926925

Link

An bhfaca duine ar bith an rira ag an deireadh don ceannas na Gailimh inne? Nach raibh St Thomas í dtroblaid cupla bhlian ó shin mar gheall rud eigin simmiluar cupla bhliain o shin sa ceannais na gcontae?
gotmilk (Fermanagh) - Posts:3619 - 17/10/2016 12:45:47 1926912

Ní fhaca got milk ach is iomaí a bhíonn raic agus rírá i gCraobh Iomána na Gaillimhe.

Sílim go bhfuil Gort agus Naomh Thomáis díreach in aice le chéile agus go bhfuil teannas eatarthu. Is cinéal local derby atá ann.

Seans maith ag Naomh Thomáis Páric an Chrócaigh a bhaint amach anois. Cad é an tarraignt iomána i mbliana. An imríonn Naomh Thomáis coirí Mumhan/Laighean/Uladh?

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 13:27:47    1926932

Link

Come again??
Brolly (Monaghan) - Posts:4303 - 17/10/2016 12:17:24

You could have worked it out.

Déan iarracht.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 13:28:26    1926933

Link

Je ne comprends pas

KerryKillers (Dublin) - Posts: 711 - 17/10/2016 13:37:52    1926939

Link

Maith an fear, MesAmis. Is annamh an rud é a bheith in ann cúpla focail a labhairt as Gaeilge ar an bhfóram seo.

Gleebo (Mayo) - Posts: 2208 - 17/10/2016 13:53:30    1926945

Link

Replying To MesAmis:  "Bhí roinnt daoine ag iarradh go mbeadh Snáth trí Ghaeilge ar Hoganstand. Déanfaimid iarracht leis an snáth seo ar aon nós. Tá an snáth seo ann ionas go bhfuil daoine in ann a chuid Ghaeilge féin a chleachtadh.

Ní snáth é chun díospóireacht a bheith ann faoin nGaeilge i nginéaralta. This is not a thread for the tedious debate about the merits of the Irish language.

Rialacha:

1. Cosc ar Naisithe Gramadach - No Grammar Nazis! People will have differing levels of Irish and will make mistakes.

2. Is féidir meascán idir Ghaeilge agus Bhéarla a úsáid - mix of Irish and English can be used to get points across!

Níl fhios agam an mairfidh an snáth seo. Feicfimid an bhfuil suim ag daoine ar aon nós!"
Say what??????
:)

royaldunne (Meath) - Posts: 19449 - 17/10/2016 14:01:09    1926948

Link

Crossmaglen agus Portlaoise imithe on croabh! An ait ar fad. Ta mo airgead ar Naoimh Insean

11jm11 (Kildare) - Posts: 365 - 17/10/2016 14:09:17    1926952

Link

An Cabhán do Sam!

Breffni40 (Cavan) - Posts: 12115 - 17/10/2016 14:47:46    1926970

Link

Replying To MesAmis:  "An bhfaca duine ar bith an rira ag an deireadh don ceannas na Gailimh inne? Nach raibh St Thomas í dtroblaid cupla bhlian ó shin mar gheall rud eigin simmiluar cupla bhliain o shin sa ceannais na gcontae?
gotmilk (Fermanagh) - Posts:3619 - 17/10/2016 12:45:47 1926912

Ní fhaca got milk ach is iomaí a bhíonn raic agus rírá i gCraobh Iomána na Gaillimhe.

Sílim go bhfuil Gort agus Naomh Thomáis díreach in aice le chéile agus go bhfuil teannas eatarthu. Is cinéal local derby atá ann.

Seans maith ag Naomh Thomáis Páric an Chrócaigh a bhaint amach anois. Cad é an tarraignt iomána i mbliana. An imríonn Naomh Thomáis coirí Mumhan/Laighean/Uladh?"
cade an t-achar idir an dha. An bhfuil se nios mo na Killyclogher agus an Omaigh I tir eoghain? Nil siad ach cupla nomaidi idir and beirt.

Nior mhaith liom st thomas baint amach. d'fhag inne agus cupla bhliain o shin sour taste i mo bheal.

Nil a fhios agam faoi mumhain agus laighin ach in Uladh beidh Slaughtneil agus Loughiel ag imirt an deireadh seachtine seo. Ni bhainfidh siad an gcomortas amach.

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 17/10/2016 15:35:16    1926992

Link

Achadh an Mhuilinn abú!

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 17/10/2016 15:50:55    1926995

Link

Bhí Míchael Murphy iontach ar fad inné do Glean tSuilí i cluiche ceannais peil Dún na nGall.
Bhain Glean tSuilí an corn i 2011, 2013 agus arís i 2016, agus gach am, bhain Murphy laoch na h-imeartha. Scoráíl sé 3-17 trásna na trí cluichí fosta!

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9115 - 17/10/2016 15:52:44    1926997

Link

Gotmilk

Níl fhios agam an fad eatarthu ach sílim go bhfuil Naomh Thomáis sa pharóiste díreach in aice le Gort. Bheadh aithne pearsanta ag na himreoirí ar a chéile ar aon nós!

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 15:57:28    1927001

Link

Replying To Lockjaw:  "Bhí Míchael Murphy iontach ar fad inné do Glean tSuilí i cluiche ceannais peil Dún na nGall.
Bhain Glean tSuilí an corn i 2011, 2013 agus arís i 2016, agus gach am, bhain Murphy laoch na h-imeartha. Scoráíl sé 3-17 trásna na trí cluichí fosta!"
Dochreidte ó MM!

Bhíos ag ceapadh go dtiocfaidh Cill Chartha tríd an chluiche sin leis na McHughs/McBreartys.

Cad é seans Gleann Suilí i gCraobh Ulaidh meas tú?

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 16:01:38    1927002

Link

Replying To Lockjaw:  "Bhí Míchael Murphy iontach ar fad inné do Glean tSuilí i cluiche ceannais peil Dún na nGall.
Bhain Glean tSuilí an corn i 2011, 2013 agus arís i 2016, agus gach am, bhain Murphy laoch na h-imeartha. Scoráíl sé 3-17 trásna na trí cluichí fosta!"
3-17 sa tri ceannais? sin crazy!!!

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 17/10/2016 16:04:02    1927004

Link

Replying To 11jm11:  "Crossmaglen agus Portlaoise imithe on croabh! An ait ar fad. Ta mo airgead ar Naoimh Insean"
Caithfidh Naomh Uinsinn Na Sairséalaigh a bhuaileadh ar an Déardaoin ar dtús.

Sin tá Baile Munna agus Na Crócaigh fós I gCraobh Átha Cliath chomh maith.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 17/10/2016 16:04:03    1927005

Link

Replying To MesAmis:  "Dochreidte ó MM!

Bhíos ag ceapadh go dtiocfaidh Cill Chartha tríd an chluiche sin leis na McHughs/McBreartys.

Cad é seans Gleann Suilí i gCraobh Ulaidh meas tú?"
Tá seans maith acu i mo thuairm. Tá siad an láidir agus fisiciúil ó 1-15. I lár na páirce ta big Neil ag imirt ana mhaith - 'Lorded it' inné!
Agus, mar a dúirt mé ar mo phost deireanach, is Colossus é Murphy!
Tá cluiche deacair acu in aghaidh Kilcoo ach má bhfuil siad abálta an cluiche sin a bhaint beidh siad deacair a stopáíl in Uladh.

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9115 - 17/10/2016 16:42:41    1927021

Link