National Forum

Tír Conaill nó An Ríocht

(Oldest Posts First)

Ionas go bhfuil Gaeltacht i dTír Chonaill agus i gCiarraí nár mhaith an rud é snaith Gaeilge a oscailt i gcomhair an cluiche.

Beidh an bua ag Ciarraí dar liom fhéin le trí nó ceithre pointe le spáráil. Táim ag súil le cluichí móra ó Donnacha Breathnach, An Réalt, Ó Móráin agus gan amhras Ó Donochú. Tá Ciarraí agam ag Pádraig De Paor ag 17/2 mar sin tá suim thar an gnáth agam go mbeidh an bua acu.

Beidh Ó Meachair agus Ó Móráin romh láidir i lár na páirce dar liom agus ní dhéanfaidh na leath chúlaithe an botún céanna is a rinne Átha Cliath agus ní bheidh an spás céanna ar fáil do tosaithe Dún na nGall.

Lá iontach a bheidh ann leis na mionúir ag imirt chomh maith. Ciarraí faoi dhó ar an lá.

dingle2 (Kerry) - Posts: 278 - 17/09/2014 21:19:33    1653238

Link

An Riocht Abu.

KingdomBoy1 (Kerry) - Posts: 14092 - 17/09/2014 21:30:21    1653240

Link

Níl a fhios agam faoí na foirne mionur, ach sílím gur bhainfidh Dún nanGall le cúl idir na foirne, sa cluiche sinsear.

Suas Sios (None) - Posts: 1550 - 18/09/2014 08:52:39    1653267

Link

Is dóigh liom go mbeidh muintir Dún na nGall ag ceiliúradh oíche Domhnaigh. Bhíodar ar fheabhas in aghaidh na Dubs, go háirithe sna tosaithe. Má bhíonn cluiche maith ag tosaithe Dún na nGall arís beidh ag bua acu don dara uair faoi stiúr Jimmy Mc.

Ag rá sin áfach, tá seans maith ag Ciarraí agus tá an dul chun cinn déanta acu faoi stiúr Fitzmaurice. Ní thabharfaidh siad an méid céanna spás do thosaithe Dún na nGall ach 'sé mo thuaraim nach bhfaigheadh siad a dhótháin scóranna iad fhéin in aghaidh cosaint iontach coirithe Ulaidh.

Beidh ócáid iontach againn ar an Domhnach agus táim ag súil go mór leis. Go n-éirí an bóthair le héinnne atá ag taisteal agus bainigí tiatneamh as an deaireadh seachtaine.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13707 - 18/09/2014 10:02:56    1653284

Link

I mo thuairimse, tá sé seo an mianach trasna ar suimiúil agus clasaiceach.

Cathanna eochair oiread sin, cosúil sa Trian Láir agus chomh maith leis an líne Iomlán Cinn Chiarraí v an gcarraig sholadach líne Iomlán Ar Ais i nDún na nGall .

Dhún na nGall a bhuachan, ach amháin tar éis tástáil fíor.

Fionn (Dublin) - Posts: 3732 - 18/09/2014 10:19:18    1653292

Link

Sílim bo mbeidh an bua againnse dé Domnaigh le cuidiú Dé. 2-12 - 0-16

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9135 - 18/09/2014 11:49:18    1653330

Link

Lockjaw
County: Donegal
Posts: 3602

1653330
Sílim bo mbeidh an bua againnse dé Domnaigh le cuidiú Dé. 2-12 - 0-16


Is dóigh go mbeidh sé cuidiú Jim seachas cuidiú Dé a thabharfaidh an bua daoibh!

Nó an sin an rue céanna na laethanta seo i nDún na nGall?! ;)

MesAmis (Dublin) - Posts: 13707 - 18/09/2014 12:05:51    1653340

Link

is dóigh liom beidh an cluiche seo a bhuaigh agus caillte i lár na páirce. Tá Neil Gallagher v David Moran an cath eochair. Cé riamh Bhuaigh an cath Bhuaigh i mo thuairim

beidhmeanseo (Donegal) - Posts: 137 - 18/09/2014 12:11:03    1653343

Link

Fuair mise dún na ngall ag 9/1 tar éis an cluiche in éadan Muineacháin so tá mise dóchasach go leor. Sílim go mbeidh Jimí go foil ag baint cluichí an seachtain seo.

Hudhastings (Leitrim) - Posts: 87 - 18/09/2014 12:15:49    1653345

Link

Lol @ mesAmis

An rud céanna cinnte!

Lockjaw (Donegal) - Posts: 9135 - 18/09/2014 12:37:41    1653361

Link

Well said lads. Completely agree.

ConnollyDub (Dublin) - Posts: 2007 - 18/09/2014 12:55:53    1653374

Link

Ticéad nó ticéidí le spáráil ag aon duine?

dingle2 (Kerry) - Posts: 278 - 18/09/2014 14:28:21    1653442

Link

dhá thicéad agam san Ardán Uí Ógáin níos ísle..

tá mé ag guí ar feadh cluiche maith..

Adh mor do Carrai ach Tir Chonnail Abu!!!!!!

beidhmeanseo (Donegal) - Posts: 137 - 18/09/2014 15:12:29    1653467

Link

Ag suil go mor leis an Domhnach, dha cluiche speisealta romhain. Ni bheidh moran idir an da fhoireann san cluiche sinsear, gach seans go mbeidh na dearthairi MacAoidh ar an Realt agus O'Donoghue, gach seans gur ansin a bheas an cluiche bainte. Nice fheicim eine o Chiarrai a bheas in ann fanacht le O'Murchu. Fir Tir Chonnaill at baint amach le 3 phoinnte. La mor do CLG Ghaoth Dobhair le Neil, Eamon agus Odhran ar an foireann sinsear agus seisur ar an phaineal Mionuir. Adh mor lads!

PabloD007 (Donegal) - Posts: 11 - 18/09/2014 21:57:24    1653665

Link

Ta coras iontach ag Tir Conaill ach ta na peilidoiri as Ciarrai ar fheabhas.

suckvalleypaddy (Galway) - Posts: 1669 - 19/09/2014 10:29:36    1653724

Link

Is cosúil nach raibh Dún na nGall ag an cluiche ar chor ar bith. Dhúisigh siad uair nó dhá sa dara leath, agus ná déanaimis dearmad go raibh siad in uachtar i scóranna ar uair amháin ag tús an dara leath. Ach seachas é seo, sé an Ríocht an fhoireann is fearr. B'fhearr liom go raibh an bua ag na Conallacha, ach ní braithim go dona go bhfuil an bua ag na Ciarraíocha, a raibh gan chraobh le feadh cúpla bhliain. (Leithscéal le haghaidh bhotúin litruithe agus gramadaigh)

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1030 - 21/09/2014 18:31:00    1654600

Link