National Forum

HS as Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


Na Chróchaigh chaimpíní na gClub i 2017

Mionúirí Ciarraí chaimpíní arís i 2017

Cíarraí Cúraigh Uile Éireann i 2017 ( v Áth Chliaith sa chraobh cluiche)

Iománaithe Ciarraí chun cáiliú i Laighean i 2017 agus iad chun buachaint i gcoinne Loch Garman agus cluich maith a thabhairt go dtí Chill Choinnigh

Cad a cheapann daoine eile faoi atá ráite agam thuas???

An Ríocht Abú!!!!

dingle2 (Kerry) - Posts: 278 - 18/10/2016 23:18:36    1927424

Link

Replying To bennybunny:  "Níor tharla aon rud ar Nemo. Shroich siad an babhta leath-ceannais ach chaill siad (cuilín amháin) siad in aghaidh foireann níos fearr i Ballincollig. Gan dabht, beidh siad ar ais mar tá siad fós láidir i Corcaigh. Ni féidir leo an craobh a bhuacaint gach bhliain.

Dúirt duine éigin go bhfuil an craobh i Thurles Sars thar rátáil agus go bhfuil an caighdeán thar rátáil. Ní saneolaí mé faoi cursaí iomáint na clubanna i Tiobraid Árann ach dearfain go bhfuil sin beagáinín mí-chothrom. Ar aon nós, fan go bhfeicimid cad a tharlódh?

Ba mhaith liom fheiceáil Slaughtneil craobh Uladh a bhuachaint. Tá comórtas club saghas 'leveller'. Le deanaí, bhí rath ag clubanna ó gCeatharleach, Aontroim, Uibh Fháilí, an Iarmhí ..cén fáth nach Doire?"
Cen fath nach Fearmanach an bhliain seo chugain? Lol.

Ta an cluiche liathroid beag ag fail bas sa chontae. Nil ach club amahain sa chontae. 15 bhliain o shin bhi 6 club ag imirt immoniacht ag faoi aois (an bhfuil sin ceart?), ach anois nil ach Lios beal atha agus Lios na Sceithe ag imirt faoi aois.

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 18/10/2016 23:32:24    1927427

Link

Replying To gotmilk:  "Cen fath nach Fearmanach an bhliain seo chugain? Lol.

Ta an cluiche liathroid beag ag fail bas sa chontae. Nil ach club amahain sa chontae. 15 bhliain o shin bhi 6 club ag imirt immoniacht ag faoi aois (an bhfuil sin ceart?), ach anois nil ach Lios beal atha agus Lios na Sceithe ag imirt faoi aois."
Na Chróchaigh chaimpíní na gClub i 2017

Mionúirí Ciarraí chaimpíní arís i 2017

Cíarraí Cúraigh Uile Éireann i 2017 ( v Áth Chliaith sa chraobh cluiche)

Iománaithe Ciarraí chun cáiliú i Laighean i 2017 agus iad chun buachaint i gcoinne Loch Garman agus cluich maith a thabhairt go dtí Chill Choinnigh

Cad a cheapann daoine eile faoi atá ráite agam thuas???

An Ríocht Abú!!!!

dingle2 (Kerry) - Posts:182 - 18/10/2016 23:18:36 1927424

Tá tú ag brionglóideach. Dúisigh!!!

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 19/10/2016 10:03:26    1927464

Link

Replying To 15BACSAM:  "
Replying To gotmilk:  "Cen fath nach Fearmanach an bhliain seo chugain? Lol.

Ta an cluiche liathroid beag ag fail bas sa chontae. Nil ach club amahain sa chontae. 15 bhliain o shin bhi 6 club ag imirt immoniacht ag faoi aois (an bhfuil sin ceart?), ach anois nil ach Lios beal atha agus Lios na Sceithe ag imirt faoi aois."
Na Chróchaigh chaimpíní na gClub i 2017

Mionúirí Ciarraí chaimpíní arís i 2017

Cíarraí Cúraigh Uile Éireann i 2017 ( v Áth Chliaith sa chraobh cluiche)

Iománaithe Ciarraí chun cáiliú i Laighean i 2017 agus iad chun buachaint i gcoinne Loch Garman agus cluich maith a thabhairt go dtí Chill Choinnigh

Cad a cheapann daoine eile faoi atá ráite agam thuas???

An Ríocht Abú!!!!

dingle2 (Kerry) - Posts:182 - 18/10/2016 23:18:36 1927424

Tá tú ag brionglóideach. Dúisigh!!!"
Nior mhaith liom ag dul go scoil innu mammy.

Bhi me ag magadh sa poist roimh.

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 19/10/2016 11:31:40    1927502

Link

Má tá aoinne anseo ar twitter b'fhiú na suíomhanna CLG - @Blag_CLG , @beo_clg agus @tuairiscnuacht - a leanacht. Súiomh nuachta é @tuairiscnuacht ach bíonn leithéidí Dara Ó Connéide, John Allen agus Pádraic Ó Ciardha ag scríobh leo go rialto.

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 20/10/2016 10:24:01    1927785

Link

Fuair Caisleán Cnucha an ceann is fearr ar Chláirsigh na Scéirí aréir agus fuair Naomh Jude an ceann is fearr ar Chrócaigh CHill Mochuda, I gCraobh Bhaile Átha Cliath. Beidh Baile Munna ag imirt in aghaidh Rath Eanaigh anocht agus beidh Naomh Uinsionn ag imirt in aghaidh Shairséalaigh Leamhcáin anocht.

Cé a bhuafas an Chraobh? Aon tuairimí ag aoinne?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 20/10/2016 10:28:08    1927790

Link

Rath Eanaigh, an bhfuil sin Rathnew? Nach bhfuil se idir Kilmacud agus Ballymun imblianna no an bhfuil seans ag fhoireann ar bith eile?

gotmilk (Fermanagh) - Posts: 4971 - 20/10/2016 11:10:25    1927804

Link

Replying To gotmilk:  "Rath Eanaigh, an bhfuil sin Rathnew? Nach bhfuil se idir Kilmacud agus Ballymun imblianna no an bhfuil seans ag fhoireann ar bith eile?"
Nil a mhac , is Raheny e agus ta Rathnew - Rath Naoi i Cill Mhantain .

anpleota (Wicklow) - Posts: 204 - 20/10/2016 11:49:44    1927822

Link

Replying To 15BACSAM:  "Fuair Caisleán Cnucha an ceann is fearr ar Chláirsigh na Scéirí aréir agus fuair Naomh Jude an ceann is fearr ar Chrócaigh CHill Mochuda, I gCraobh Bhaile Átha Cliath. Beidh Baile Munna ag imirt in aghaidh Rath Eanaigh anocht agus beidh Naomh Uinsionn ag imirt in aghaidh Shairséalaigh Leamhcáin anocht.

Cé a bhuafas an Chraobh? Aon tuairimí ag aoinne?"
Sílim tá sé idir Baile Munna agus Naomh Uinsinn.

Beidh bua shimplí go leoir ag an dhá fhoireann anocht in aghaidh Ráth Eanaigh agus na Sairséalaigh.

Tá Naomh Jude agus Caisleán Cnucha maith go leoir ach táim ag ceapadh go bhfuil Baile Munna agus Naomh Uinsinn ar léibhéal níos airde arís.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 20/10/2016 12:02:52    1927829

Link

Cén lá a rachaidh curaidh Bhleá Cliath san iomaíocht i gCraobh Club Laighin?

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 20/10/2016 21:28:52    1928008

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Cén lá a rachaidh curaidh Bhleá Cliath san iomaíocht i gCraobh Club Laighin?"
Tá siad ag imirt i gcoinne an buateoir on Laoighis ar 6/11 abhaile .

anpleota (Wicklow) - Posts: 204 - 21/10/2016 12:27:47    1928132

Link

Cluichí ceannais Chraobh Peil Átha Cliath anois: Caisleán Cnucha V Naomh Jude agus Baile Munna v Naomh UInsionn. Tá mise ag ceapadh gurb í seo bliain Bhaile Munna!!

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 21/10/2016 12:35:20    1928135

Link

Comhghairdeas do Shleacht Néill, buaiteoirí Chraobh Iomána Uladh don chéad uair i stair CLG Dhoire. An bhféidir na peileadóirí an t-éacht céanna a dhéanamh?

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 23/10/2016 18:31:06    1928465

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Comhghairdeas do Shleacht Néill, buaiteoirí Chraobh Iomána Uladh don chéad uair i stair CLG Dhoire. An bhféidir na peileadóirí an t-éacht céanna a dhéanamh?"
Is féidir leo gan dabht. Nl na fóirne oll-mhór ann cosúil le Crossmaglen, St Galls. B'fheidir go bhfuil Slaughtneil an foireann le níos mó taithí i mbliana. Tá an seans acu.

bennybunny (Cork) - Posts: 3917 - 25/10/2016 14:52:55    1928886

Link

Ar bhuaigh an club céanna craobh chúige sa pheil agus san iomáint sa bhliain céanna riamh? Tá a fhios agam gur rinne Creathlach (Co. an Chláir) iarracht mhaith ach theip na peileadóiri sa cluiche leath-cheannais tar éis am breise, agus cliseadh na hiománaí tar éis am breise i gCluiche Ceannais na Mumhan.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 25/10/2016 19:52:16    1928991

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Ar bhuaigh an club céanna craobh chúige sa pheil agus san iomáint sa bhliain céanna riamh? Tá a fhios agam gur rinne Creathlach (Co. an Chláir) iarracht mhaith ach theip na peileadóiri sa cluiche leath-cheannais tar éis am breise, agus cliseadh na hiománaí tar éis am breise i gCluiche Ceannais na Mumhan."
Bhuaigh cumann Barra Naofa na dha ceann i cuige Mumhan i 1981. Ni cuimhin liom aon Club eile an mead a dheanamh. Rinne Cratloe fior iarracht ach theip siad.

bennybunny (Cork) - Posts: 3917 - 25/10/2016 20:45:04    1929007

Link

Aon dune atá san ardchathair anocht bígí i bPáirc Parnell i gcomhair 19:30. Baile Munna in aghaidh Naomh Uinsionn.

Seans go bhfeicfidh tú cluiché den scoth. D'imir an dhá fhoireann seo dhá chluiche iontacha i 2013. Seans grub iad an dhá chluiche ab fhearr dá bhfaca mé riamh.

D'imir siad a chéile an bhliain seo caite agus bhí bua sách éasca ag muintir Marino ach sílim go mbeidh anocht i bhfad níos cóngaraí.

Bígí ann más féidir!

MesAmis (Dublin) - Posts: 13705 - 26/10/2016 11:58:56    1929110

Link

Replying To MesAmis:  "Aon dune atá san ardchathair anocht bígí i bPáirc Parnell i gcomhair 19:30. Baile Munna in aghaidh Naomh Uinsionn.

Seans go bhfeicfidh tú cluiché den scoth. D'imir an dhá fhoireann seo dhá chluiche iontacha i 2013. Seans grub iad an dhá chluiche ab fhearr dá bhfaca mé riamh.

D'imir siad a chéile an bhliain seo caite agus bhí bua sách éasca ag muintir Marino ach sílim go mbeidh anocht i bhfad níos cóngaraí.

Bígí ann más féidir!"
Chuala me go raibh slua an mór ann aréir agus silim anois go mbeadh an bua sa craobh ceannais leis Naomh Uinsionn agus i Laighin freisin . Cluiche suimúil i Eachdroim ar an Domhnaigh seo thugann , Bealach Conglais ar ais arís .

anpleota (Wicklow) - Posts: 204 - 27/10/2016 11:29:44    1929444

Link

Go bhfios dom beidh buaiteoirí Átha Cliath ag imirt in aghaidh bhuaiteoirí Laoise I gcéad bhabhta chúige Laighean. Bígí ag súil le neart torainn ó Wooly maidir le clubanna Bhaile Átha Cliath!

Dream uasal agus Gaelach iad muintir Shleacht Néill. Ta súil agam go n-éireoidh go maith leo i mbliana.

An bhfuil a fhios ag aoinne cén chaoi a bhfuil Craobh Mhaigh ag gabháil?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 27/10/2016 12:06:25    1929457

Link

Craobh Mhaigh Eo? Mistéalaigh Chaisleán Barra in aghaidh an Chnoic Mhóir an Satharn seo chugainn. Beidh na buaiteoirí ar an bpáirc imeartha arís ar 5 Samhain in aghaidh sheaimpini Shligigh, Tuar Loistreáin.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 29/10/2016 10:25:31    1929988

Link