National Forum

HS as Gaeilge

(Oldest Posts First) - Go To The Latest Post


An 13ú Sraith Náisiúnta Peile Buaite ag na Dubs! Léigh faoi anseo thíos:

https://nadubsabu.com/2018/04/05/an-13u-sraith-naisiunta-peile-buaite-ag-na-dubs/

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 05/04/2018 17:29:06    2091295

Link

Is cosúil nach bhfuil mí Aibreáin coinnithe saor do na himreoirí club ag Gaillimh. Aon tuairimí ag aoinne faoi seo??

Mo thuairim féin ná, mara bhfuil na himreoirí club i nGaillimh sásta leis seo ba cheart dóibh cruinnithe club a ghairm fud fad an chontae lena míshástacht a chur in iúl. Má tá imreoirí club na Gaillimhe ina aghaidh seo ba cheart dóibh é sin a chur in iúl. Ba cheart dóibh and daonlathas atá ag croílar ár n-eagraíocht iontach a chur ag obair.

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 06/04/2018 13:17:36    2091403

Link

Tá na Cait ar ais is cosúil. Bhí sé iontach a lucht leanta a fheiceáil ag ceiliúradh amuigh ar an bpáirc. Ní raibh mórán de cheiliúradh ann an uair dheireanach ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan. D'imigh a bhformhór ag deireadh an chluiche. Mar sin, is iontach an rud a dhéanann gorta beag! An mbeidh siad ag ceiliúradh ag deireadh mhí Lúnasa i mbliana?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 09/04/2018 13:49:01    2091841

Link

Replying To 15BACSAM:  "Tá na Cait ar ais is cosúil. Bhí sé iontach a lucht leanta a fheiceáil ag ceiliúradh amuigh ar an bpáirc. Ní raibh mórán de cheiliúradh ann an uair dheireanach ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan. D'imigh a bhformhór ag deireadh an chluiche. Mar sin, is iontach an rud a dhéanann gorta beag! An mbeidh siad ag ceiliúradh ag deireadh mhí Lúnasa i mbliana?"
Bhíos an-tógtha leis na Cait inné.

Tá Cody ag tógáil foireann nua thíos ar bhruach an Fheoir. Tá an iomáint an-oscailte arís i mbliana agus dá bhrí sin tá seans i gcónaí ag Cill Chainnigh.

Aon rogha as Gaillimh, Port Láirge, Tiobraid Árainn, Corcaigh, An Clár, Cill Chainnigh i mo thuaraim. D'fhéadfá cás Loch Garman nó Luimneach a dhéanamh fosta.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13704 - 09/04/2018 14:32:13    2091854

Link

Replying To MesAmis:  "Bhíos an-tógtha leis na Cait inné.

Tá Cody ag tógáil foireann nua thíos ar bhruach an Fheoir. Tá an iomáint an-oscailte arís i mbliana agus dá bhrí sin tá seans i gcónaí ag Cill Chainnigh.

Aon rogha as Gaillimh, Port Láirge, Tiobraid Árainn, Corcaigh, An Clár, Cill Chainnigh i mo thuaraim. D'fhéadfá cás Loch Garman nó Luimneach a dhéanamh fosta."
Aontaím leat. Ba cheart go mbeadh Craobh iontach ann arís i mbliana. Is féidir leis na foirne uilig an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Beidh sé suimiúil, mar Dub, a fheiceáil cén chaoi a n-éireoidh le Gilroy i mbliana. Caithfidh na Dubs dul chun cinn éigin a dhéanamh ach beidh sé fíordheacair orthu teacht amach as grúpa Chúige Laighean. Tá Gaillimh agus Na Cait i measc na bhfoirne is fearr sa tír agus mar a deir tú fein níl na Carmanaigh i bhfad taobh thiar díobh. Cén chaoi ar cheart dul chun cinn na Dubs a thomhais? Na taispeántais a thugann siad in aghaidh na mboc mór?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 09/04/2018 15:17:21    2091864

Link

Replying To 15BACSAM:  "Aontaím leat. Ba cheart go mbeadh Craobh iontach ann arís i mbliana. Is féidir leis na foirne uilig an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Beidh sé suimiúil, mar Dub, a fheiceáil cén chaoi a n-éireoidh le Gilroy i mbliana. Caithfidh na Dubs dul chun cinn éigin a dhéanamh ach beidh sé fíordheacair orthu teacht amach as grúpa Chúige Laighean. Tá Gaillimh agus Na Cait i measc na bhfoirne is fearr sa tír agus mar a deir tú fein níl na Carmanaigh i bhfad taobh thiar díobh. Cén chaoi ar cheart dul chun cinn na Dubs a thomhais? Na taispeántais a thugann siad in aghaidh na mboc mór?"
Táispeánfaidh an "Leinster Round Round" cá bhfuilimid.

I mo thuaraim ba chóir go críochnóidh Áth Cliath ar a laghad sa 3ú áit taobh thiar de Gaillimh agus LG. Tá sé riachtanach go críochnóimid os comhair Uíbh Fháilí agus Laois.

Le buachaillí Cuala thar n-ais bheinn dóchasach go mbeadh seans againn fiú LG a bhuaileadh agus cluiche ceannais Laighean a bhaint amach in aghaidh na Gaillimhigh.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13704 - 09/04/2018 17:01:25    2091900

Link

Replying To MesAmis:  "Táispeánfaidh an "Leinster Round Round" cá bhfuilimid.

I mo thuaraim ba chóir go críochnóidh Áth Cliath ar a laghad sa 3ú áit taobh thiar de Gaillimh agus LG. Tá sé riachtanach go críochnóimid os comhair Uíbh Fháilí agus Laois.

Le buachaillí Cuala thar n-ais bheinn dóchasach go mbeadh seans againn fiú LG a bhuaileadh agus cluiche ceannais Laighean a bhaint amach in aghaidh na Gaillimhigh."
Ba chóir gur scríobh mé 4ú áit taobh thiar de Gaillimh, KK agus LG.

Le buachaillí Cuala tá "outside chance" cluiche ceannais a bhaint amach agus is beag an seans é.

MesAmis (Dublin) - Posts: 13704 - 09/04/2018 17:27:29    2091911

Link

Replying To MesAmis:  "Ba chóir gur scríobh mé 4ú áit taobh thiar de Gaillimh, KK agus LG.

Le buachaillí Cuala tá "outside chance" cluiche ceannais a bhaint amach agus is beag an seans é."
Seo píosa scríobh mé ag tús na bliana maidir le seansanna na Dubs i 2018. Faraor, níl muid ag déanamh chomh maith is a raibh súil agam leis:

https://nadubsabu.com/2018/01/27/pat-gilroy-na-hiomanaithe-agus-morspriocanna-2018/

[url=]linkhttps://nadubsabu.com/2018/01/27/pat-gilroy-na-hiomanaithe-agus-morspriocanna-2018/[url=]link

Mar sin féin, tá sé tábhachtach go dtabharfar am do Gilroy. Tugadh am dó leis na peileadóirí agus tá a fhios againn uilig cén toradh a bhí air sin.

Feictear dhom, go n-éireoidh le Gaillimh is Cill Chainnigh teacht amach as cúige Laighean agus go mbeidh sé idir na Dubs agus Loch Garman don tríú háit. Beidh sé suimiúil a fheiceáil cén tionchar a bheas ag imreoirí Chuala ar an bhfoireann.

I gcúige Mumhan bheinn ag súil go dtiocfadh na Tiobraidigh amach as an ngrúpa go réasúnta compordach agus go mbeadh troid fhíochmhar ann le haghaidh an tríú hait idir na foirne uilig eile.

Deacair a rá cé a thiocfas amach as grúpa Chorn Mhic Dhonncha.

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 10/04/2018 12:58:49    2092074

Link

Tá mé ag iarraidh teacht ar bhlaganna Gaeilge dírithe ar chúrsaí CLG. Tá mo cheann féin ann ag nadubsabu.com , tá ceann ag Brian Ó Diarmada (Brian Darby), agus bhíodh ceann ann ag pucsaor.blogspot.ie. Cuireann an GPA corralt Gaeilge amach agus tá tuairisc.ie le moladh as na hailt a fhoilsíonn siad ó leithéidí Mhártain Uí Chiardha, Phádhraic Uí Chiardha, Dhara Uí Chinnéide agus ó John Allen go seachtainiúil.

An bhfuil aon duine/dream eile ag scríobh faoi chúrsaí CLG trí Ghaeilge?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 11/04/2018 09:17:06    2092277

Link

Replying To 15BACSAM:  "Tá na Cait ar ais is cosúil. Bhí sé iontach a lucht leanta a fheiceáil ag ceiliúradh amuigh ar an bpáirc. Ní raibh mórán de cheiliúradh ann an uair dheireanach ar éirigh leo Craobh na hÉireann a bhuachan. D'imigh a bhformhór ag deireadh an chluiche. Mar sin, is iontach an rud a dhéanann gorta beag! An mbeidh siad ag ceiliúradh ag deireadh mhí Lúnasa i mbliana?"
Gach seans! Ni chuirfeadh iontas orm. Ní féidir iad a chur amach as an áireamh ar an nós céanna nárb fhéidir dearmad a dhéanamh faoina Ciarríoch, fiú nach bhíonn siad ar thar a n-ábaltachta (mar aon le gach fhoireann ó am go ham). Tá mí Mheán Fómhair ag glaoch amach (nó Mí Lúnasa ón mbliain seo amach) agus is féidir bheith cinnte go bhfuil na Cait ag freagairt.

Tacaí Liatroma (Leitrim) - Posts: 1029 - 13/04/2018 20:52:04    2092910

Link

Gorta an ghairid do na cait go cinnte,
Buaiteoiri Craoibh na hEireann i 2015 agus buaiteoiri Cuige Laighin i 2016.
Gach seans faraoir go mbeidh Corn Liam MacCarthaigh arais acu cois Siur roimh Phort Lairge, Luimhneach no Loch Garman.

Curlew66 (Roscommon) - Posts: 503 - 13/04/2018 21:28:05    2092916

Link

Replying To 15BACSAM:  "Tá mé ag iarraidh teacht ar bhlaganna Gaeilge dírithe ar chúrsaí CLG. Tá mo cheann féin ann ag nadubsabu.com , tá ceann ag Brian Ó Diarmada (Brian Darby), agus bhíodh ceann ann ag pucsaor.blogspot.ie. Cuireann an GPA corralt Gaeilge amach agus tá tuairisc.ie le moladh as na hailt a fhoilsíonn siad ó leithéidí Mhártain Uí Chiardha, Phádhraic Uí Chiardha, Dhara Uí Chinnéide agus ó John Allen go seachtainiúil.

An bhfuil aon duine/dream eile ag scríobh faoi chúrsaí CLG trí Ghaeilge?"
Is é mo thuairm go mbeidh cúpla focail Gaeilge ar "Sunday Game" ar deireadh an clár.

galwayford (Galway) - Posts: 2517 - 15/04/2018 15:59:28    2093105

Link

Is maith liom an gailge. Nil ach cupla focail agoimsa.

Canuck (Waterford) - Posts: 2655 - 15/04/2018 18:37:52    2093129

Link

Replying To Tacaí Liatroma:  "Gach seans! Ni chuirfeadh iontas orm. Ní féidir iad a chur amach as an áireamh ar an nós céanna nárb fhéidir dearmad a dhéanamh faoina Ciarríoch, fiú nach bhíonn siad ar thar a n-ábaltachta (mar aon le gach fhoireann ó am go ham). Tá mí Mheán Fómhair ag glaoch amach (nó Mí Lúnasa ón mbliain seo amach) agus is féidir bheith cinnte go bhfuil na Cait ag freagairt."
Aontaím go hiomlán leat. Na Ciarraígh agus na Cait i gcónaí contúirteach. Tá sé san fhuil acu.

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 16/04/2018 15:51:01    2093328

Link

Replying To Curlew66:  "Gorta an ghairid do na cait go cinnte,
Buaiteoiri Craoibh na hEireann i 2015 agus buaiteoiri Cuige Laighin i 2016.
Gach seans faraoir go mbeidh Corn Liam MacCarthaigh arais acu cois Siur roimh Phort Lairge, Luimhneach no Loch Garman."
Deacair argóint a dhéanamh ina aghaidh sin!

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 16/04/2018 15:52:13    2093329

Link

Faigh tuairiscí ar chluichí iomána is peile na Dubs le cúpla bliain anuas anseo chomh maith le go leor leor eile!!

nadubsabu.com

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 16/04/2018 15:54:33    2093331

Link

Ba bhrea liom iomani Ath Cliath a thuilleadh dul chun cinn a dheanamh agus a bheith ag coimhlint isteach go mi Lunasa.
Bhuaigh siad an Sraith Naisiunta (2011) agus Craoibh Laighin(2013) faoi Anthony Daly ach is beag a tharla o shoin. A thuilleadh misneach agam anois le Pat Gilroy i gceannais, imreoiri Cuala arais, Dermot Connolly (seans) agus Con O'Callaghan (seans beag) go feidir leo samhradh maith a bheith acu.

Curlew66 (Roscommon) - Posts: 503 - 17/04/2018 01:00:34    2093435

Link

Replying To Curlew66:  "Ba bhrea liom iomani Ath Cliath a thuilleadh dul chun cinn a dheanamh agus a bheith ag coimhlint isteach go mi Lunasa.
Bhuaigh siad an Sraith Naisiunta (2011) agus Craoibh Laighin(2013) faoi Anthony Daly ach is beag a tharla o shoin. A thuilleadh misneach agam anois le Pat Gilroy i gceannais, imreoiri Cuala arais, Dermot Connolly (seans) agus Con O'Callaghan (seans beag) go feidir leo samhradh maith a bheith acu."
Tá súil agam go mbeidh an ceart agat. Rud mór ata ag cur imní orm ná nár imir imreoirí Chuala ar an bhfoireann go fóill. Ní dóigh liom go mbeidh sé éasca iad a shníomh isteach ar an bhfoireann. Bheifeá ag súil le muintir Schutte, Oisín Gough, Darragh O'Connell, Cian O'Callaghan agus David Treacy a fheiceáil ag tógail páirte i gcluichí ach cé a chaillfeas amach?

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 17/04/2018 11:43:52    2093482

Link

20 Ceist Sciobthaí ar Ray Corgrove - Iarpheileadóir Átha Cliath:

https://nadubsabu.com/2018/04/26/20-ceist-sciobthai-ar-ray-cosgrove/

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 26/04/2018 14:03:49    2095091

Link

Slán le Peter Kelly

https://nadubsabu.com/2018/04/27/slan-le-peter-kelly/

15BACSAM (Dublin) - Posts: 142 - 27/04/2018 13:19:53    2095279

Link