O Dubhaigh, Deaglan

June 30, 2004
The late Deaglan O Dubhaigh Rachaidh foireann peile na nDúnaibh 'na páirce i gCill Chartha do chomórtas Náisiúnta Peile na Gaeltachta gan aghaidh ghealgháireach, chrócúil Dheaglán Uí Dhubhaigh ina measc. Cé nach raibh se ach scór bliain d'aois bheadh sé ag imirt ina thríú comórtas Naisiúnta - Cill t-Séadhna 2000 agus Baile Mhuirne 2003. Báitheadh Deaglán go tubaisteach maidin Dé Luain an 10ú la de Bealtaine agus e ar an bhealach go dtí an Coláiste Réigiúnach i Leitir Ceanainn. Bhí sé ina phaisnéir i gcarr a bhi a thiomáint ag a chara agus a chomharsan Ciarán mac Laifeartaigh. Chuaigh an carr den bhealach agus insteach i loch As'alt. Sádháladh Ciarán ach ar an drochuair níor thainig Declan slan. Seachtain cothrom sin a fuair Declan an cúl ins an cluiche ceannais den chomórtas peile in éadan. Ghaoth Dobhair a chuf na Dúnaibh ar a mbealach go dtí an Comórtas Náisiúnta. Thainig Declan aníos fríd na foirne faoi-aois agus d'imir sé in achan ghrád. Ba é an cheád chaptean as na Dúnaibh a leag a chuid lámha ar chron faoi aois. Ba seo an foireann faoi-14 a bhain craobh na contae i 1997. Bhí cumas ard peile ann agus de thairbhe sin bhí sé ag imirt leis na sinsir ó bhí sé sé bliana déag d'aois. Rinne sé a chuid fhéin de uimhir 5 agus ní dhéanfar dearmad de na ruathair anoir suas taobh na pairce a bhi mar pháirt mhór dena chuid imirt. Thraenáil sé agus d'imir sé le diogras agus le paiseann agus bhí sé ag imirt an pheil ab fhearr a d'imir sé go dtí seo í mbliana. De thairbhe an phearsantacht tharraingteach a bhí aige bhí a lan cairde aige. Bhí sé nadúrtha, múinte, muiníneach agus lán greann agus fuair sé ar aghaidh le achan duine. Dhéanfaidh peileadóirí na nDúnaibh é a chronthú uatha go mór mar phearsa agus mar imreoir agus nil amhras na go ndéanfaidh a chuimhne iad a spreagadh. Gúimis go ndéanfaidh Dia an teaghlach a threorú fríd na laethanta dorcha seo agus go gcuideoidh sé an t-ualach trom atá ar a ngualainneacha a laghdú. A Declan ar dheis lámh Dé go raibh d'anam óg dílis. Courtesy of the Donegal Democrat June 2004

Most Read Stories